top of page

Craobh Sacair Cúige Laighin Spar 5-an Taobh

Lá grianmhar a bhí ann. Bhí sceitimíní ar gach duine ar an mbus. Thóg sé dhá uair a chloig asainn chun an Uaimh a bhaint amach. Bhí an chéad chluiche i gcoinne foireann as Baile Atha Cliath. Bhíomar congarach chun cúl a fháil tar éis 2 nóiméad. Ins an dara leath fuair siad cúl. Bhí sé 1-0 dóibh. Thóg muid an cicín agus phas mise go dtí Eoin agus rith sé síos an line agus thóg se cic don liathróid agus fuair muid cúl.

Fuair muid cic éirice agus thóg Eoin é. Thug sé cic don liathróid ach fuair an cúlbáire é. Sábháil iontach a bhí ann. Chaith Cóilín an liathróid agus chic sé é chun cúl den scoth a fháil. Bhuaigh muid an cluiche 2-1. Tar éis e sin bhí cluiche again agus bhí an scór 2-2. Tar éis an chluiche sin bhí cluiche eile againn i gcoinne na daoine ar bharr an grúpa. Naomh Peadar, Dromaskin a bhí ann. Ma bhuagh muid bheimís ag dul go dtí an Aviva. Insa an dara leath fuair siad cic cúinne agus thug siad cic don liathróid. Bhuail sé an posta, chic buachaill eile é agus chuaigh sé isteach sa chúl. Comhscór a bhí ann. Ochón mo bhrón, ní raibh an scór sin maith go leor muid a thógáil go dtí an Aviva. Bhí múinteoir Daithí croíbhriste. Bhain muid an-taitneamh as an lá agus chuaigh muid go McDonalds i gcomhair béile ina dhiaidh.

Ní dhéanfaidh me dearmad go de oar an lá a chaith muid san Uaimh don Chraobh sacair Cúige Laighin.


Recent Posts
Archive
bottom of page