

Gaelscoil Abú
Cluiche Ceannais na mBunscol 2015 Gaelscoil Phortlaoise 3-7 Cill an Iúir 2-8 I gceann de na cluichí ceannais iomána is fearr riamh bhí bua iontach againn ar Chill in Iúir sa chluiche ceannais i bPáirc Uí Mhórdha inné. Cluiche dian garbh a bhí ann agus bhí an toradh idir dhá cheann na meá go dtí an fheadóg deireanach. Bhí réaltaí ar fud na páirce ag an nGaelscoil. D'imir Ódhran go hiontach sa chúl agus rinne sé dhá shábháil an-tábhachtach sa dara leath nuair a bhí an brú ag te