top of page

Éiteas na Scoile

Éiteas na Gaeilge

I scoil lán Ghaeilge tá an Ghaeilge:

  • Mar theanga na scoile

  • Mar theanga chumarsáide agus gnó na scoile

  • Mar theanga mhúinte agus foghlama i ngach ábhar seachas Béarla

  • Mar theanga chumarsáide ag na múinteoirí, na daltaí agus gach gné den scoil

 

Feidhmeoidh scoil le sainspiorad Caitliceach faoi phátrúnacht an Fhorais Pátrúnachta le sainmheon Caitliceach. Cothóidh sé seo an bheatha Chríostaí i saol na scoile spreagtha ag creideamh i nDia agus in Íosa Críost agus ag luachanna an tsoiscéil léirithe trí phaidir, cheiliúradh agus na sacraimintí i gcomhair leis na tuismitheoirí, an eaglais agus an pobal.

Ag am teagasc creidimh sa scoil cuirfear i gcrích agus múinfear clár an chreidimh Caitliceach maraon le hullmhúchán na ndaltaí do na sacraimintí mar atá leagtha síos ag Ardeaspag/Easpag na Deoise ag treorú an dalta le Dia a ghráú, a aithint agus a leanúint.

Cuirfear fáilte roimh na Comhairleoirí Deoise agus an chléir áitiúil inár ngaelscoileanna chun tacaíocht, comhairle agus cabhair a thabhairt don Bhord Bainistíochta, don fhoireann scoile agus do na tuismitheoirí in ullmhúchán na ndaltaí do na sacraimintí agus i soláthar an Chláir Chreidimh do na daltaí.

Tá dualgas ar an mBord Bainistíochta spiorad sainiúil na scoile atá ag teacht leis an sainmhíniú thuasluaite de scoil lán-Ghaeilge Caitliceach a chosaint agus a bheith freagrach don phátrún as é a chosaint.

 

 

Miseanráiteas na Gaelscoile Phortlaoise

Is é príomhaidhm na Gaeilscoil e Phortlaoise ná oideachas bunscolaíochta trí Ghaeilge a chur ar fáil do pháistí ón gceantar. Tá Gaelscoil Phortlaoise mar bhall den eagraíocht Gaelscoileanna. Is é an Foras Patrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge a bhfuil mar Phatrún againn

Scoil Lán-Ghaeilge Chaitliceach í Gaelscoil Phortlaoise.  Ach cuirtear fáilte roimh páistí , is Cuma cén creidimh atá iontu

Is é aidhm na scoile ná atmaisféar dearfach a chothú agus is rún linn forbairt iomláin oideachais, phearsanta, shóisialta, fhisciúil agus chultúrtha na bpáistí faoin ár gcurám a chothú. Ba cheart go léireodh gach páiste, tuismitheoir agus múinteoirí meas ar a chéile i gconaí sa scoil.

Spreagfar tuismitheoirí le Gaeilge a fhoglaim in éineacht lena gcuid páistí.  Cuirtear fáilte roimh thuismitheoirí bheith páirteach in oideachas iomlán a pháiste agus i saol na scoile.

Ba mhian linn ná páistí a mhealladh chun bia sláintiúil a ithe agus spreagtar na páistí chun lón sláintiúil a thabhairt ar scoil.

Is é aidhm na scoile an cultúr Ghaelach a chrothú, go mbeadh an ceol, an claisceadal, an rince agus na cluichí Gaelacha mar chuid larnach den churaclam agus go bhfuil sé mar dhualgas orainn teagmháil a dhéanamh le gaelscoileanna eile agus aithne agus cairdeas a chur eadrainn.

Bimid de shior ag lorg go mbeadh comhphobal na scoile , bródúil as an nGaelscoil agus bhfágfaidh ar bpáistí  an Gaelscoil le meon dearfach agus saibhir i leith an oideachais agus cultúr na hÉireann.

Bimid ag lorg ainm na scoile a chur amach sa chomhphobal trí pháirt dearfach a ghlacadh in imeachtaí éagsúla a thugann deis dúinn étos na scoile a chur i luí ar mhuintir Phortlaoise m.sh  comortasaí ealaíne, peannaireachta, sacair, lúthchleasaíochta, cispheile, Tráth na gCeist, saicrimintí , Paráid le Padraig agus ceol

Is iad mánaí na scoile  ná ‘Ní neart go cur le chéile agus ‘Is beatha teanga í a labhairt, agus bímíd i gcónaí ag iarraidh a bheith dílís dóibh.

bottom of page