top of page

Gaelscoil Abú

Cluiche Ceannais na mBunscol 2015

Gaelscoil Phortlaoise 3-7 Cill an Iúir 2-8

I gceann de na cluichí ceannais iomána is fearr riamh bhí bua iontach againn ar Chill in Iúir sa chluiche ceannais i bPáirc Uí Mhórdha inné. Cluiche dian garbh a bhí ann agus bhí an toradh idir dhá cheann na meá go dtí an fheadóg deireanach.

Bhí réaltaí ar fud na páirce ag an nGaelscoil. D'imir Ódhran go hiontach sa chúl agus rinne sé dhá shábháil an-tábhachtach sa dara leath nuair a bhí an brú ag teacht ó Chill an Iúir. D'imir Pól Ó Flanagáin agus Ben Ó hAoláin go stuama sna cúlaithe. D'oibrigh Ben agus Mitch go dian dícheallach sna tosaithe agus bhí obair na gcapall ar siúl ag Rian Caomhánach i lár na Páirce. Thaispeán Dáire Ó Laighean cé chomh sciliúil agus crógach is atá sé le taispeántas den scoth ó thús go deireadh an chluiche ach cad é fé thispeántas an leaid óg Cóilín Mac Aodh Bhuí, a tháinig isteach mar ionadaí chun dhá chúl a fháil.

I ndeireadh thiar thall bhí an lá ag an nGaelscoil, an chéad bhua a bhí acu sa chomórtas iomána ó 2009.


Recent Posts
Archive
bottom of page