top of page

Bliots Fichille Trí Ghaeilge

I gcomhairle le Gaelscoil na Laochra Biorra, d’eagraíomar bliots fichille trí Ghaeilge do Ghaelscoileanna áitiula ar an 8ú Meitheamh 2017. B’iontach an ocáid é. Thugamar cuireadh do thart fé 20 Gaelscoil bunaithe i lár na tíre agus tháinig Gaelscoil Urmhumha, Gaelscoil Chill Dara, Gaelscoil Mhic Aodha agus Gaelscoil na Laochra. Ar an iomlán d’fhreastal 60 páiste ar an mbliots, idir cailiní agus buachaillí.

Bhí an bhéim ar an nGaeilge, an comhluadar agus an cairdeas.

Chuamar i dteagmháil le Chess 4 All Ireland le cabhair agus treoir a lorg. Tháinig Páid Ó Raghallaigh agus Maurice Buckley ar an lá chun an bliots a eagrú. Ta Gaeilge líofa ag Páid agus chabhraigh se sin go mór leis an lá. Cheannaíomar na trófaithe i seodóir de Brún, Portlaoise. B’fhiu go mór iad. Bhí dhá chomórtas ann. Corn na laochra ‘d’fheabhsóirí’ fichille agus Corn na Ridirí dos na tosaitheoirí. Bhuaigh Gaelscoil Phortlaoise Corn na Laochra agus d’éirigh le hAonach Úrmhumha, Tiobraid Árainn Corn na Ridire a bhaint amach.


Recent Posts
Archive
bottom of page