top of page

Iománaíocht (Cumann na mBunscol)

D'eirigh linn an leathchraobh iomana a bhaint amach i mbliana. Ardmholadh tuillte ag na leanaí agus na múinteoirí a d'ullmhaigh na foirne. Bhíomar dóchasach ag tús na bliana ach bhí bóthar fada romhainn.

Bhí cead ag na buachaillí ó Rang 3-6 imirt i gcomórtas Cumann na mBunscol. D'éirigh linn an leathcheannais a bhaint amach ach chailleamar in aghaidh an Fraoich Mór. Bhí díomá orainn cé gur imir gach éinne go hiontach. Bhí athas orm mar go bhfuair me seans imirt mar chulbáire don scoil. Ta súil agam go mbeidh seans eile againn an bhliain seo chugainn.

Beidh lá eile ag an bPaorach.


Recent Posts
Archive
bottom of page