top of page

Seachtain Spóirt Ghníomhaí/ Active Sport's Week


Rang 6 v Na Múinteoirí (Cluiche Cispheile na Bliana)

An tseachtain spóirt ghníomhaí a bhí ann. Bhí cluiche cispheil eagraithe idir na leanaí Rang 6 in aghaidh foireann na Gaelscoile. Bhíomar ag tnúth go mór leis an gcluiche seo. Bhí geansaí na scoile á chaitheamh againn.

Lá breá samhraidh a bhí ann agus bhí na Ranganna ar fad ó Rang 1 go Rang 5 ag screadach ar son Rang 6. Bhí an t-atmaisfear go hiontach ar an gclós. Thosaigh an cluiche ar luas lasrach agus rinne an dá fhoireann go hiontach.

Bhí sé 6-6 (comhscór a bhí ann) nair a fuaireamar an ciseán agus chríochnaigh an cluiche. Bhíomar chomh sásta. Dar leis na múinteoirí ba e an chead uair a bhuaigh Rang 6 in aghaidh na múinteoirí.

Mar a deir an seanfhocal: Is fearr rith maith na drochsheasamh.

Rang 6 abú!


Recent Posts
Archive
bottom of page