top of page

Nuachtlitir na Samhna


Fáilte thar nais

Bhúr gcéad fáilte thar nais ar scoil i mbliana. Fáilte is fiche roimh na leanaí, na múinteoirí agus na tuismitheoirí nua ach go háirithe. A leithéad de bhliain go dtí seo! Bhíomar thar a bheith gnóthach leis na himeachtaí ar fad a bhí ar siúl sa scoil ó thángamar ar ais.

Céad mile fáilte back to school, particularly to all our new pupils, parents and staff. What a year already! We’ve already had the photographer, Maths’ Week, celebrity musicians, and a host of other achievements to celebrate.

Díolachán Cáca/ Cake Sale

Beidh ár nDíolachán Cáca Bliaintiúil, in ainm Comhaire na dTuismitheora, ag dul ar aghaidh Dé hAoine, an 21ú Deireadh Fómhair (amárach). Iarrtar ar thuismitheoirí cácaí a chur ar fáil nó a cheannach! Beidh maidin caifé/tae ar siúl idir 11.30 agus 1.30 pm sa halla. Beidh cead ag tuismitheoirí teacht, caifé/tae a bheith acu agus cáca a cheannach (b’fhéidir). Cuir lipéid ar gach bosca gur mhaith leat a fháil thar nais agus tabhair bosca sa bhreis do na páistí na cinn a cheannaíonn siad a choimeád.

Bácáil Shona!

The Annual School Cake Sale, in aid of the Parents’ Council, will take place on Friday the 21st October (tomorrow). Parents are asked to contribute to cake-sale by providing or buying confectionary (or both). This year we are holding a coffee morning from 11.30 to 1.30 pm in our hall for parents to come, have a coffee/tea and maybe buy a cake! Please label any containers that you would like returned (container & lid) and send a spare box for the children to store the buns that they buy. Happy baking!!!

Sprioclá Clárúcháin

Is é Dé hAoine, an 28ú Deireadh Fómhair an sprioclá na hiarratais clárúcháin a ghlacadh don scoilbhliain 2017/18.

Friday October 28th is the deadline for acceptance of Junior Infant applications for the school year 2017/18

Lá Gan Éide Scoile

Beidh lá gan éide scoile againn Dé hAoine an 28ú Deireadh Fómhair. Beidh €2 an páiste á bhailiú ag Comhairle na dTuismitheoirí. Beidh cead ag na páistí cultacha na Samhna a chaitheamh.

We will have a non-uniform day next Friday October 28th. The Parents’ Council will collect €2 per child. Children may wear Halloween costumes.

TG4 –Cleas Act

Iá ábhar mórtais dúinn fáilte a chur roimh TG4 chun na Gaelscoile an seó Cleas Act a thaifead. Tugann an seó deis dúinn ár gcuid talainn agus pearsantachtaí beomhara a thaispeáint go poiblí. Ba buaicphointe an lae ná cuairt ‘Seo Linn’ chun na scoile inar chuir siad ceardlann ar fáil don chór scoile agus inar sheinn siad beo sa halla do leanaí na scoile ar fad. Beidh an seó á thaifead i stiúdeo RTÉ os comhair lucht féachana beo i mí na Samhna.

We are delighted to announce the arrival of Tyrone Productions to our Gaelscoil recently to film ‘Cleas Act’ for TG4. The show allows us an opportunity to showcase the many talents and vibrant personalities in our school. The highlight was undoubtedly the visit of celebrated pop-group Seo Linn, where they provided a music work-shop for our school choir before performing live to all the pupils of the school.

The show will perform in front of a live studio audience in November. Go n–éirí linn.

Bhí mé an-sceitimíneach mar go raibh Seo Linn ag teacht go dtí an Ghaelscoil. Chuaigh mé isteach sa seomra ranga agus bhí múinteoir Ailbhe ansin. D’iarr sí orm mo ghiotár a fháil agus Tiarnán Ó Duíbhir a fháil ó Rang Múinteoir Sinéad. Fuair mé é agus chuamart isteach sa rang ceoil agus rinneamar amhrán. Tar éis tamaill bhí an cór i Rang 6 agus rith Seo Linn isteach. Bhí leath le Stiofán agus leath eile ag Daithí. Bhí Stiofán ag déanamh an amhráin linn agus bhí Daithí ag déanamh an ceol leo.

Tar éis am loin, bhí Seo Linn ag ullmhú i gcomhair an Cheolchoirm. Bhí mise agus Tadhg ag seinnt an giotár leo. Tar éis an cheolchoirm bhí Stiofáin ag caint liomsa agus Tadhg. Chuir sé ceist orainn, ar mhaith linn seinnt le oar Chleas Act. Bhí áthas an domhan orainn. Shínigh siad mo ghiotár. Lá iontach a bhí ann. Údar: Cóilín Mac Aodh Bhuí (Rang 6)

Cumann na mBunscoile/ Schools GAA

Comhgháirdeachas le foireann peile na gcailíní agus na mbuachailli a ghlac páirt i gCumann na mBunscol le déanaí agus do na múinteoirí a d’ullmhaigh iad. D’éirigh go hiontach leis an dá fhoireann. Ghlac siad páirt dearfach i ngach cluiche agus bhain siad taitneamh as.

Congratulations to our boys’ and girls’ school football team who participated in the schools’ GAA competition recently and to all the teachers who participated in their preparation. They both excelled in their respective competitions.

Rásaíocht Tras Tíre/ Cross Country

Comhgháirdeachas le leanaí na Gaelscoile Rang 4,5 &6 a ghlac páirt i gcraobh rásaíocht trastíre na mbunscol i gCill an Ard le déanaí. D'éirigh leis na buachaillí Rang 6 an bonn óir a bhaint amach sa rás foirne agus cailíní Rang 4 Bonn Cré umha a fháil. D'éirigh le Eoin Mac Craith agus Aoibhínn Nic Dhónaill boinn airgid indibhidiúla a fháil chomh maith. Beirigí bua!

Congratulations to the boys & girls of Fourth, Fifth and Sixth class who performed heroically in the Schools Cross Country in Killenard recently. The Sixth class boys won a team gold and the Fourth class girls won bronze. Special mention to Eoin Mac Craith and Aoibhín Nic Dhónaill, who won silver medals in the individual competition. Read the following report from Kyle (Rang 6), who himself was on the winning boys Sixth class team.

Léim gach páiste ón mbus. Bhí an aimsir cuíosach maith. Bhí se grianmhar agus deas fionnuair. Bhí cúpla duine neirbhíseach ach den chuid is mó bhíodar go sona sásta. Bhí beirt fhear ag siúl timpeall ag glaoch ar ghach duine i gcomhair na rásanna. Ar dtús bhí an rás 1km ar siúl do Rang 4, na cailíní ar dtús agus na buachaillí ina dhiaidh. Bhí an rás 1.5 km i gcomhair Rang 5 i ndiaidh rásanna na gcailíní Rang 4. Bhí Rang 6 ar deireadh agus bhuaigh ár bhfoireann an rás. Bhíomar an bhródúil as ár gcomhoibriú mar fhoireann agus mar a deir an seanfhocail, 'Ní neart go cur le chéile'! Tháinig Eoin Mac Craith sa tarna áit ins an rás agus éacht iontach bainte amach aige. Bhí la den scoth againn agus léirigh na páistí go bhfuil rith maith níos fearr ná drochsheasamh. |Údar: Kyle Ó Buacháin Rang 6

Bua na Gaeilge/ Gaeilgeoirí na Míosa

Comhgháirdeas leis na páistí ar éirigh leo gradaim na Gaeilge a bhaint amach do Mheán Fómhair. Congratulations to the children who received an award for their efforts speaking Irish for the month of September.

Ainm an Pháiste

Rang

Aoibhe Ní Loinín

Naíonáin Bheaga A

Janelle Mukiza

Naíonáin Bheaga B

Séamus Mac Aindréis

Naíonáin Mhóra A

Alex Ó Murchú

Naíonáin Mhóra B

Archie Mac Dhónaill

Rang 1

Cuileann Ní Mhurchú

Rang 2A

Seán Mac Concharraige

Rang 2B

Louise Ní Airtnéada

Rang 3

Oisín Mac an Chrosáin

Rang 4

Cillian Lovegrove

Rang 5

Conchúr Mac Réamoinn

Rang 6

An tSeachtain Mhata/ Maths’ Week

Tá an tseachtain mhata ag dul ar aghaidh go hiontach i nGaelscoil Phortlaoise. Bhí tráth na gCeist Mata, cluichí matamaitice ar siúl sa halla, lorg matamaitice ar siúl taobh amuigh agus scoil na gCartaí ar siúl ag na hardranganna sa halla fiú amhain. Beidh na leanaí ag bácáil chomh maith i dtreo an Díolacháin Cáca Dé hAoine. ‘Sé sprioc na seachtaine ná go mbeadh meon dearfach ag na leanaí i dtreo matamaitice agus go bhfeicfí an mata mar chuid lárnach den saol laethúil.

Maths Week is proving a great success in the Gaelscoil. The children participated in Maths’ quizzes, games, trails outside and even a card school in the library. The children will participate in baking towards our Cake-sale. The aim of the week is for the children to have a positive attitude towards maths and to see maths as an integral part of everyday life.

Comhairle na dTuismitheoirí/ Parents’ Council

Comhghairdeas le Caitríona Uí Mharascáil (cathaoirleach/chairperson), Aoife Uí Dhuifinn (Rúnaí/secretary) agus Phil Uí Aoláin (cisteoir/treasurer), atá mar oifigí tofa nua ar Chomhairle na dTuismitheoirí. Ár mbuíochas le Mel Uí Nialláin agus Sinéad Uí Argáin, a sheas siar i mbliana, don obair ar fad a rinne siad i rith na bliana. Congratulations to our newly elected Parents’ Council Officers and our deepest gratitude to Mel and Sinéad, who stood down, for all their wonderful work throughout the year.

Laethanta Saoire/ School Holidays and Closures

Féach ar www.gaelscoilphortlaoise.net i gcomhair eolais maidir le laethanta saoire agus mórdátaí eile.

Please see school web-site for school-closures, holidays and other key dates, i.e, standardised tests, cake-sales etc. For more information on Gaelscoil Phortlaoise, see www.gaelscoilphortlaoise.net

Lean muid ar Twitter/Follow us on Twitter @gscoilphortleix (search gaelscoilphortlaoise)

Urraíocht don bhFéilire/ Sponsorship for Calendar

Tuismitheoirí atá ag iarraidh leathnach nó leathleathnach a bhaint amach mar urraíocht, cuir glaoch ar an scoil. Any parents involved in a local business wishing to sponsor a page or half a page on our annual school calendar, please contact the school.


Recent Posts
Archive
bottom of page