top of page

Nuachtlitir na Nollag 2015

Seachtain na Nollag

Tá súil agam gur bhain sibh taitneamh as seachtain na Nollag i nGaelscoil Phortlaoise.Bhí alán imeachtaí Nollag ar siúl againn. Bhí drámaí Nollag, seirbhís Carúil agus cuairt ó Dhaidí na Nollag. Beidh an scoil á dhúnadh don Nollaig Dé Máirt, an 21ú Nollaig ag 12.00 pm.

We hope you enjoyed Christmas week in the Gaelscoil. We certainly did. We were treated to Christmas shows, Carol services and a visit from Santa.

The school will close for Christmas Holidays on Tuesday December 21st at 12 pm. The buses will be running that day.To avoid the inevitable traffic chaos please park away from the school campus.

Nollaig faoi shéan is faoi mhaise daoibh go léir!

Díospóireacht Idirscoile/Inter-school Debating

Bhí díospóireacht iontach ar siúl le déanaí idir Gaelscoil Phortlaoise agus Scoil Náisiúnta na gCluaineacha Dubha. Ar an deauair, bhí an bua ag Gaelscoil Phortlaoise. An rún a bhí ann ná : Food Waste Should be Made Illegal. Léigh an tuairisc ó Setanta Ó Collatáin.

We had practiced for weeks and the day of reckoning was nigh. We had received a bye in the first round and we were worried that we weren’t ready but those worries eventually proved unfounded. The event began when our principal, Múinteoir Dominic, asked for complete silence. He then invited the chairperson, Conchúr de Staic to the stage as he departed. The chairperson proceeded to welcome everyone and introduced me to the stage. I gave my speech as my legs remained stationary while continuously moving my head in an effort to address everyone. After each speaker had a turn at persuading the audience I resumed my effort to convince everyone that food waste should be made illegal. Our valiant effort was successful and we celebrated a glorious victory. My teammates Ailbhe Ní Chuinn, Odhrán Mac an Chrosáin, Cian Mag Uinseannáin, Conchúr de Staic agus Aine Ní Riain were extremely diligent in their preparation and this made all the difference against strong opposition from Clonaghadoo N.S. We are eagerly awaiting our semi- final in the new year. Ní neart go chuir le chéile!

Le Setanta o Collatáin

Nathanna na Míosa

Úsáidigí roinnt de nathanna nó seanfhocail seo um Nollag. Scríobh sna cartaí Nollag iad, fiú amháin! Have at go at using some of the following nathanna cainte this Christmas. How about using them in your Christmas cards!

· Nollaig shona duit/ Nollaig shona daoibh go léir! (Happy Christmas)

· Nollaig agus athbhliain faoi shéan is faoi mhaise duit! Happy Christmas and New Year!

· Athbhliain shona daoibh go léir (Happy New Year) (Wishing you every blessing for Christmas)

· Guím gach rath ort don Nollaig!

· Beannachtaí na Nollag ort! (Christmas blessings on you)

· Gurab amhlaidh duit/Go mba hé duit (Same to yourself)

· Go mbeirimíd beo ar an am seo arís (A Toast-That we’ll still be in good health this time next year)

24ú Nollaig.....................Oíche Nollag

25ú Nollaig Lá Nollag

26ú Nollaig......................Lá an Dreoilín/ La Stiofáin

31ú Lá Nollaig ..................Oíche Chinn Bhliana(New Years Eve)

1ú Eanáir ........................Lá Caille/ Lá Coille(New Years Day)

6ú Eanáir........................Oíche Nollag na mBan(Little Christmas Day)

Gan Bronntanas a Thabhairt!

De dheasca an aeráid eacnamaíochta, iarraimíd ort gan bronntanas Nollaig a thabhairt do na baill foirne.

Tá Cumann Naomh Uinseann de Phól , Bóthar Bhaile Átha Cliath , Portlaoise (in aice an tséipéil), ag glacadh le gach saghas bronntanais nó airgead le tabhairt do dhaoine bhochta nó daoine a d’fhulaing le linn na tuilte uisce, le déanaí.

Due to the current economic climate, we, the staff of Gaelscoil Phortlaoise, will not be accepting Christmas presents from the children.

If you wish to donate to a worthy cause, we ask that you consider St Vincent De Paul’s Christmas Collection, Dublin Road, Portlaoise (Beside the church).

St Vincent de Paul is currently collecting clothes, blankets, toys, food, drink, money etc for victims of poverty and flood victims. Your generosity has always been appreciated.

Seanfhocail/ Frásaí na Míosa

Bhainfeadh an fuacht an craiceann de ghabhair (The cold would skin a goat)

Nollaig bhán, reilig lán (White Christmas, full graveyard)

Féasta anocht agus gorta amárach (It’s either a feast or a famine)

Déanfaimíd craos aimsir na Nollag (We’ll eat/ drink to excess at Christmas)

Nuair a bhíonn an bolg lán is maith leis na cnámha síneadh (When the belly is full the belly stretches)

An t-Aonach Leabhair/ Book-Fare

A chairde, Míle buíochas as ucht an tacaíochta iontach leis an Aonach Leabhair Bliaintiúil. Bhí díolachán eisceachtúil againn i mbliana, os cionn €2,800. Ciallaíonn sin go bhfaighfidh scoláirí na Gaelscoile leabhair de fhiúntas €1700 atá cumtha ag údair comhaimseartha

Thank you for your fantastic support of our annual Book Fair.This year's sales have surpassed all expectations, having exceeded €2800! This means our pupils will benefit to the value of almost €1700 worth of new children's books penned by popular contemporary authors. Míle buíochas.Siobhán

Gaeilgeoirí na Míosa /Monthly Gaeilgeoir

The following children received special merit for their huge efforts in speaking Irish around the school.

Rang

Samhain & Nollaig

Naoi. Bheaga

Mia Ní Dhonnchú

Sorcha Ní Riain

Naoi. Mhóra

Aoibhín Ní Mhóráin

Rang 1

Eoin Ó Duchona

Niamh Ní Nialláin

Rang 2

Rian Ó Muirín

Rang 3

Rebecca Mharascáil

Rang 4

Tadhg Ó Duíbhir

Rang 5

Tadhg Ó Duifinn

Rang 6

Leah Ní Nualláin

An Féilire Scoile & Cartaí Nollag

Míle buíochas do gach éinne a cheannaigh an Féilire Scoile 2016. Tá roinnt acu fós ar díol san oifig ar €8 (Féilire) agus €5 do phaca cartaí Nollag. Is fiú go mór iad!

Many thanks to everyone who purchased a school calendar for 2016 There are still a limited number available from the office at a price of €8 for the calendar and €5 for a pack of 12 Christmas cards as Gaeilge. The calendar provides details on school holidays and displays the class photographs as well as an array of pictures depicting various school activities and events from 2015.

Ficheall/ Chess

Bhí 6 ceacht fichille ag Rang 4 le Páid Ó Raghallaigh agus d’éirigh go hiontach leis. Fourth class have just completed 6 chess lessons with Paud Ó Reilly (eminent chess coach) and they really enjoyed them.

Cluiche Ceannais Peile 2015-Gaelscoil Abú!

Comhghairdeas le foireann na mbuachaillí agus na gcailíní a bhí buanna iontacha acu sna cluichí ceannais peile le déanai. Bhuaigh na buachailli ar na Cluaineacha Dhubha agus bhuaigh na cailíní ar Bhaile an tSagairt.

Belated congratulations to the boys’ and girls'football teams on their wonderful victory in this year’s Cumann na mBunscol football final. The boys defeated Clonaghadoo N.S while the girls defeated Castlecuffe N.S.

Well done to all the panel and to Múinteoirí Donna, Daithí and Dominic and Eimear in preparing the teams. Read the following reports by some of our esteemed players.

Cuimhní ar an nDúbailt

Is mise Odhrán Mac an Chrosáin agus d’imir mé sa chúl i gCluiche Ceannais Peile Cumann na mBunscol. Bhíomar i gcoinne na gCluaineacha Dubha. Thosaíomar go láidir agus sa chéad cupla nóiméid bhí raidhse scór faighte againn. D’aimsigh Pól, Ben ó Diomsaigh, Mitch, Ben ó hAoláin, Cóilín, Anraí agus Jay scóranna sa cluiche. Ag leath ama bhíomar i bhfad chun tosaigh orthu ach mol an lá um thráthnóna mar ní raibh na gCluaineacha Dubha críochnaithe linn. Tosnaíodar an tarna-leath ar nós luas lasrach agus ag druidim i dtreo an deiridh ní raibh ach cúpla cúilín idir na bhfoirne. Ar deireadh thiar thall shéid an réiteoir an fheadóg agus bhí an bheart déanta againn. Bhíomar ar mhuin na muice nuair a d’ardaigh ár gcaptaen inspioráideach Ben ó hAoláin an gcorn i dtreo na bhFlaitheas.

Is mise Mitch Mac Giolla Phadraig agus d’imir mé sna cúlaithe sa cluiche ceannais. Bhí foireann an láidir againn agus ní rabhamar tar éis aon cluiche a chailliúint roimh an cluiche chinniúnach. Bhí gach imreoir ullamh chun catha ach bhí fhios againn go raibh dúshlán mhór romhainn mar chríochnaigh an cluiche ar comh-scór nuair a bhuaileamar leo níos luaithe sa chomórtas. Bhí Múinteoirí Daithí agus Dominic ag gríosadh na himreoirí sna seomraí feistis roimh an cluiche agus bhí féileacháin sna mbolg againn. Ritheamar amach ar an ngort agus ní raibh foireann ar domhain chun an lámh in uachtar a fháil orainn an lá céanna. Anois táimid scríte i stair na scoile agus ní dhéanfaidh dearmad ar ár n-eacht go deo.

Is mise Ailbhe Ní Chuinn agus d’imir mé sna tosaithe i gcomhair Gaelscoil Phortlaoise in aghaidh Baile an tSagairt i gCluiche Ceannais Peile Cumann na mBunscol le haghaidh cailíní. Bhí sceitimíní orainn agus muid ag rith amach ar na ngort. Bhí tús bríomhar againn agus an liathróid i líontáin Baile an tSagairt laistigh den chéad cúig nóiméid. Fuair Amy, Molly agus mé féin scóranna sa chéad leath. Bhí an scór 3-1 go dtí 2-0 go dtí an Gaelscoil ag leath ama ach ní breac go port é. D’athraigh M.Donna agus M.Daithí cúpla imreoirí timpeall le linn an tarna leath. Chuir said Molly isteach go dtí na tosaithe agus bhí orm dul amach go dtí lár na páirce. Bhíomar ag éirí níos láidre anois ach nuair a chuir siad Leah sa chúl agus Caoimhe sna cúlaithe bhí port Baile an tSagairt seinnte. Thugamar leo é i ndeireadh na dála ar an scór 8-1 le haghaidh an Ghaelscoil go dtí 6-0 i gcomhair Baile an tSagairt. Bhíomar tar éis an dúbailt a bhaint amach agus tá fhios maith ag buachaillí na scoile anois gur ar scáth a chéile a mhairimid!

Ceol na Sráide/ Busking

Beidh ceol na sráide ar siúl ag leanaí Rang 5& 6 i dTesco Dé Luain, an 21ú Nollaig ag 11.00. Beidh airgead á bhailiu acu i gcomhair Ospidéal na Leanaí Sráid Theampaill Baile Atha Cliath.

The children of fifth and sixth class will be singing Christmas Carols outside Tesco Monday December 21st at 11.00 am. All proceeds raised will go to Temple Street Children's Hospital.


Recent Posts
Archive
bottom of page