top of page

Rásaíocht Tras Tíre/ School's Cross Country

Comhgháirdeachas le leanaí na Gaelscoile Rang 4,5 &6 a ghlac páirt i gcraobh rásaíocht trastíre na mbunscol i gCill an Ard le déanaí. D'éirigh le Rang 6 na mbuachaillí an bonn óir a bhaint amach sa rás foirne agus cailíní Rang 4 Bonn Cré umha a fháil. D'éirigh le Eoin Mac Craith agus Aoibhínn Nic Dhónaill boinn airgid indibhidiúla a fháil chomh maith. Beirigí bua!

Congratulations to the boys & girls of Fourth, Fifth and Sixth class who performed heroically in the Schools Cross Country in Killenard recently. The Sixth class boys won a team gold and the Fourth class girls won bronze. Special mention to Eoin Mac Craith and Aoibhín Nic Dhónaill who won silver medals in the individual competition. Read the following report from Kyle (Rang 6), who himself was on the winning boy's Sixth class team.

Léim gach páiste ón mbus. Bhí an aimsir cuíosach maith. Bhí se grianmhar agus deas fionnuair. Bhí cúpla duine neirbhíseach ach den chuid is mó bhíodar go sona sásta. Bhí beirt fhear ag siúl timpeall ag glaoch ar ghach duine i gcomhair na rásanna. Ar dtús bhí an rás 1km ar siúl do Rang 4, na cailíní ar dtús agus na buachaillí ina dhiaidh. Bhí an rás 1.5 km i gcomhair Rang 5 i ndiaidh rásanna na gcailíní Rang 4. Bhí Rang 6 ar deireadh agus bhuaigh ár bhfoireann an rás. Bhíomar an bhródúil as ár gcomhoibriú mar fhoireann agus mar a deir an seanfhocail, 'Ní neart go cur le chéile'! Tháinig Eoin Mac Craith sa tarna áit ins an rás agus éacht iontach bainte amach aige. Bhí la den scoth againn agus léirigh na páistí go bhfuil rith maith níos fearr ná drochsheasamh.


Recent Posts
Archive
bottom of page