top of page

Gaelscoil Abú!


Gaelscoil Phortlaoise 4-7 Na Cluaineacha Dubha 3-5

Sár chluiche a bhí ann. Ceann de na cluichí is fearr a imríodh riamh i bPáirc Uí Mhórdha inar bhuaigh buachaillí na Gaelscoil corn Cumann na mBunscol don chéad uair ón mbliain 2012. Bhí an Ghaelscoil go maith chun tosaigh ag leath-am agus bhí dealramh ar an scéal go mbeadh slad ann. Ach ní mar a shíltear a bhítear agus bhí tuairimí eile ag buachaillí na gCluaineacha Dubha. Throid siad go fíochmhar go dtí an nóiméad deireanach. Ba cheart go mbeadh an Gaelscoil buíoch den chúlbáire Odhran Mac an Crosáin, Ben Ó hAoláin agus Seosamh Ó Tuathail a d’imir go stuama sna cúlaithe.

Bhí obair na gcapall ar siúl ag Mitch Mac Giolla Phádraig, Cóilín Mac Aodhbhuí agus Pól Ó Flanagáin ó thús go deireadh. Murach na scóranna a fuair Ben Ó Diompsaigh, Jay Ó Corcráin agus Anraí Whalley, bheadh an lá ag na Cluaineacha. Ach ar an dea-scéal bhuaigh lucht na Gaeilge agus bhí sé tuillte go maith acu. Bhí siad eagraithe agus ullmhaithe go hiontach ag an lucht bainistíochta. Bhí painéal láidir acu agus bhí an tacaíocht a fuair siad ó na hionadaithe agus ón lucht tacaíochta an-tábhachtach ar an lá.

Beidh lá eile ag na Cluaineacha Dubha, d’imir siad go crógach spioradúil ach anocht beidh an corn suite i gCnoc an tSamhraidh agus beidh siad ag céiliúradh ó mhaidin go hoíche


Recent Posts
Archive
bottom of page