Gaelscoil Phortlaoise, Cnoc an tSamhraidh, Bóthar an tSráidbhaile, Portlaoise, Co. Laoise

Fón: 057 86 88293                        Facs: 057 86 88631                          runai@gaelscoilphortlaoise.net

Proudly created with Wix.com

Gaelscoil Abú!

October 22, 2015

 

Gaelscoil Phortlaoise 4-7 Na Cluaineacha Dubha 3-5

Sár chluiche a bhí ann. Ceann de na cluichí is fearr a imríodh riamh i bPáirc Uí Mhórdha inar bhuaigh buachaillí na Gaelscoil corn Cumann na mBunscol don chéad uair ón mbliain 2012. Bhí an Ghaelscoil go maith chun tosaigh ag leath-am agus bhí dealramh ar an scéal go mbeadh slad ann. Ach ní mar a shíltear a bhítear agus bhí tuairimí eile ag buachaillí na gCluaineacha Dubha. Throid siad go fíochmhar go dtí an nóiméad deireanach. Ba cheart go mbeadh an Gaelscoil buíoch den chúlbáire Odhran Mac an Crosáin, Ben Ó hAoláin agus Seosamh Ó Tuathail a d’imir go stuama sna cúlaithe.

Bhí obair na gcapall ar siúl ag Mitch Mac Giolla Phádraig, Cóilín Mac Aodhbhuí  agus Pól Ó Flanagáin ó thús go deireadh.  Murach na scóranna a fuair Ben Ó Diompsaigh, Jay Ó Corcráin agus Anraí Whalley, bheadh an lá ag na Cluaineacha. Ach ar an dea-scéal bhuaigh lucht na Gaeilge agus bhí sé tuillte go maith acu. Bhí siad eagraithe agus ullmhaithe go hiontach ag an lucht bainistíochta. Bhí painéal láidir acu agus bhí an tacaíocht a fuair siad ó na hionadaithe agus ón lucht tacaíochta an-tábhachtach ar an lá.

Beidh lá eile ag na Cluaineacha Dubha, d’imir siad go crógach spioradúil ach anocht beidh an corn suite i gCnoc an tSamhraidh agus beidh siad ag céiliúradh ó mhaidin go hoíche

Please reload

Recent Posts

February 18, 2018

February 1, 2018

December 20, 2017

Please reload

Archive
Please reload

This site was designed with the
.com
website builder. Create your website today.
Start Now