Gaelscoil Phortlaoise, Cnoc an tSamhraidh, Bóthar an tSráidbhaile, Portlaoise, Co. Laoise

Fón: 057 86 88293                        Facs: 057 86 88631                          runai@gaelscoilphortlaoise.net

Proudly created with Wix.com

Gaelscoil Abú

May 27, 2015

Cluiche Ceannais na mBunscol 2015

Gaelscoil Phortlaoise 3-7 Cill an Iúir 2-8

I gceann de na cluichí ceannais iomána is fearr riamh bhí bua iontach againn ar Chill in Iúir sa chluiche ceannais i bPáirc Uí Mhórdha inné. Cluiche dian garbh a bhí ann agus bhí an toradh idir dhá cheann na meá go dtí an fheadóg deireanach.

Bhí réaltaí ar fud na páirce ag an nGaelscoil. D'imir Ódhran go hiontach sa chúl agus rinne sé dhá shábháil an-tábhachtach sa dara leath nuair a bhí an brú ag teacht ó Chill an Iúir. D'imir Pól Ó Flanagáin agus Ben Ó hAoláin go stuama sna cúlaithe. D'oibrigh Ben agus Mitch go dian dícheallach sna tosaithe agus bhí obair na gcapall ar siúl ag Rian Caomhánach i lár na Páirce. Thaispeán Dáire Ó Laighean cé chomh sciliúil agus crógach is atá sé le taispeántas den scoth ó thús go deireadh an chluiche ach  cad é fé thispeántas an leaid óg Cóilín Mac Aodh Bhuí, a tháinig isteach mar ionadaí chun dhá chúl a fháil.

I ndeireadh thiar thall bhí an lá ag an nGaelscoil, an chéad bhua a bhí acu sa chomórtas iomána ó 2009.

 

 

 

Please reload

Recent Posts

February 18, 2018

February 1, 2018

December 20, 2017

Please reload

Archive
Please reload

This site was designed with the
.com
website builder. Create your website today.
Start Now